Primary Function: Foirgneamh Monarcha is Oifige Book Text: Is foirgneamh monarcha is oifige é Involve atá suite i Nisshin, Aichi, an tSeapáin. Leanann an plean bís chomhuilleach, ar a dtugtar bís logartamach chomh maith. Treoraíonn leagan amach na bíse na hoibrithe feadh cosáin chuartha, mar sin tarlaíonn teagmháil idir chomhghleacaithe go minic. Tá sé i gceist go bhfeabhsóidh an teagmháil mhinic seo an cháilíocht is an táirgiúlacht. Ligeann geoiméadracht na bíse do na colúin, na bíomaí is an trasnaíocht na sonraí ceangail chéanna a athdhéanamh, agus ní athraíonn ach fad gach baill. Suíonn an foirgneamh ar chnoc mar dhealbh chloiche, agus meabhraíonn crainn nua an fhoraois a chlúdaigh an suíomh tráth.